TÁ na socraithe do Lá na Gaeilge faoi lán seoil agus tá cuireadh ag gach duine a bheith páirteach sa spraoi!
eidh an ócáid ar siúl i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha, Corcaigh ar an Domhnach 19 Meitheamh 19, ó 13:00 go 16:00, agus tabharfaidh sé deis do theaghlaigh agus pobail tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge agus pé Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh cairdiúil & spraíúil.
Tóg leat picnic, cathaoireacha nó pluid phicnic don phicnic agus uirlisí ceoil agus guthanna libh don seisiún ceoil oscailte!
Beidh siamsaíocht le Giggles an Fear Grinn, seó puipéad le Little Gem Puppets agus ceardlann agus seó lámhchleasaíochta le Stephen McGinley.
Beidh ceardlann amhránaíochta ar an Sean Nós le Pax Ó Faoláin agus ceardlann rince ar an Sean Nós le Becky Ní Éallaithe.
Beidh cluichí agus spraoi sa pháirc le Ógras, Cumann na bhFiann & Gaelscoileanna, agus cúinne leabhair, cluichí boird & ceardaíochta le Teanga Tí – Glór na nGael. Déanfaidh Gaeilgeoirí Cois Laoi comhordú ar Chúinne Cainte do dhaoine fásta agus beidh seastáin eolais ann le heagraíochtaí Gaeilge áitiúla & náisiúnta. Beifear ábalta féachaint ar bhád a bhíonn in úsáid ag Naomhóga Chorcaí chomh maith agus caint leo faoi! Beidh an grúpa ceoil, Lasrach, ó iarthar Chorcaí, a thug leo Siansa Gael Linn 2022 ag cur críoch leis an lá.
Tá ticéid saor in aisce do Lá na Gaeilge i gCorcaigh a fháil ar Eventbrite